Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)
- Suíomh:
- Cill Íseal, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Conaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
- XML Leathanach 126
- XML “Ná Bíodh an Oiread sin de Luíochán Bliana ort”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Gabha a beadh an fear seo darbh ainm do Núnán ó pharóiste Dún na Mainistreach le h-ais Dúngarbháin ins na Déise. Duine mí-adhmharach a beadh an fear seo a mbíodh tart millteach ag cur air ag dúiseacht agus ag dul a codladh dó.
Ní bhíodh sé ró-chruinn ar an gcéird agus bhí ar a chéardcha suite ar thaobh an bhóthair mhóir idir Ceapach Chuinn agus Dúngarbhán.
Maidin lae an aonaig i nDún-na-Méithbhreac bhí an bóthar go sleamhain le leac-oidhre agus bhí contúirt tuitme ar na capaill. Dá bhrí sin ba iontach an fuascailt ortha an chéarda.
Bhí Núnán go gnóthach ag cur suas na 'frosters' agus é go luathgháireach leis féin ag maranna ar na blaisteanna portair a bheadh á chaitheamh siar aige tar éis a chuid saothair, ach ní mar síltear bítear go minic.
D'imigh feirmeoir i ndiaidh feirmeóra agus gan aoinne 'ag síneadh láimh chuige' ach an port céanna ag gach duine dó, ná bíodh an oiread san de luigheachán bliana ort.
Bhris a fhoidhne air sa deire agus an céad babhta eile do bhuail ar a cluasa an sean-phort céanna na maidne sin amach, a tháinigh le binib "Sa diabhal do mar luigheachán bliana, ní chothóchadh sé an cat dom".- Bailitheoir
- Seán Ó Conaire
- Inscne
- Fireann