Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)
- Suíomh:
- Cill Íseal, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Conaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is dócha go bhfuil trí fichid bliain ann ó bhí an tAthair Seán Ó Meara mar sagart paróiste san Eaglais,
Is as Gaeilge do labharadh sé lena muintir go coitianta agus bhíodh sois-scéal aige dóibh gach Domhnach. Siad na focail deireannacha a bhíodh aige dóibh i gcónaí ach "go ligidh Dia go mbeidhmíd go léir ar slua na marbh".Lá dá raibh sé ag tabhairt sean-móin uaidh ar an Eaglais dúirt sé ná raibh aon fháil ag aoinne dul ar Neamh ach iad san a bhí san Eaglais.
Bhí beirt sean-fhear i measc an phobail agus iad ina shuí le cois a chéile. Nuair a chloiseadh ar na focail sin d'fhéachadar ar a chéile. Ansan thug duine acu sunnc dá uillinn don duine eile agus dúirt sé "Ó dar fiadh, a Sheáin, a d'airigh tú cad dúirt sé? Agus cad ón diabhal a dhéanfadh muintir Baile na Páirce anois?" (Baile na Páirce is eadh ainm an cheanntair is giorra don cheanntar eile sin - an Eaglais.)- Bailitheoir
- Seán Ó Conaire
- Inscne
- Fireann