Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)
- Suíomh:
- Cill Íseal, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Conaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Éirigh suas go luath id shuí chugham
Is cur fáilte roimh na mná óga
A tháinigh go dtí thú, Caitlín
Ina bhfuil geasnaí na chroí istig
Agus Nóra atá go do-bhrónach tríd-sa
Agus do dhear bhratacha tá go cráidhte síor-ghol
Tá an lá ag tabhairt agus an drúcht ar scaipeadh
Gach bean aorda ag éirí dá leabaidh
Gach bean óg ag iompódh ar a leanbh
Agus bean-tighe an tighe seo, mo dhíth-chreach, marbh
Tair-se liomsa agus raghadh-sa leat-sa
Agus raghaimíd araonach ag féachaint ár gcarad
Buailim ó thuaidh go Cluain Geal Meala
Go Baile Uí Ghéanna na bhfuinnseóg glasa
Beidh ár gcasadh arís abhaile ar ár gcúigear leanbh
Ós ag imeacht atáir agus ag rá ná casfair
Fág slán timpeall ag muintir an bhaile
An tarna slán ag do mháthair agus t-athair
Agus slán faoi bhrón ag céile do leabhtan.- Bailitheoir
- Seán Ó Conaire
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Duinn
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Cnoc Mheilearaí, Co. Phort Láirge