Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)
- Suíomh:
- Cill Íseal, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Conaire
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 162](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0644%2FCBES_0644_162.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 162
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)5.
Gheobhaidh tú an t-ór ann agus togha na córach
Tair-se liomsa agus raghadh-sa leat
Beidh ár gclann tógtha is stáit go deo aca
Is is fearr dóibh siúd ná an Mountain Lot.6.
Slán le h-Éirinn is fágfad féin í
Is ní chasfaidh mé ar an sliabh níos mó
Slán lem' ghaoltaibh do bfearr a bhí ag aoinne
Cé gur dúbhach an scéal liom bheith ag scaramhaint leo7. Slán lem' comharsan do bhíodh i gcabhar liom
Istigh dtigh an tabhairne ag ól lem' thaoibh
Bíodh bhúr nguí gan faoiseamh le Rí na Glóir?
Go seolfar mise gan bhrón i dtigheas.8.
Seo ghuí do bheirim óm chroí le fáilte
Ná bainfidh fán dúinn ar feadh na slí
Ná bainfidh fán dúinn na basgadh sláinte
Ná 'lake' san áthrach ann a raghamaois síos.9.
Beidh ár gclann fé áthas i nGárd Canada
Is mé is an t-ál úd fé bhun an chrainn
Beidh tuagh i nár láimh dheis ag bualadh rás air
Is ón uair sin, slán libh go bráth arís.- Bailitheoir
- Seán Ó Conaire
- Inscne
- Fireann