Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)
- Suíomh:
- Cill Íseal, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Conaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo file a bhí ina chónaí in áit darbh ainm do Tig na gCrann. Thit a bhean tinn agus thug sé dochtúir chúichí agus leighiseadh í. Ní raibh airgead ar bith ag an bhfile le tabhairt mar pá don dochtúir ach d'inis sé dó go raibh giorria ar an áit agus go raibh buaite aige ar chónaibh an domhain. Fear mór spóirt an dochtúir agus chuir an caint seo sainnt air fogha do thabhairt fé an giorraí so. An lá ina dhiaidh seo scaoileadh na coin fé an giorraí agus d'éirigh leo é do marbhú.
Leis sin chuaidh an file ag obair ar a smaointe do nochta ar an bhfiach mar seo leanas :-Lá dá rabhas im' aonar
Ar thaobh chnuic ar scaoileadh an cheó
Bhí an dochtúir uasal taobh liom
Ar chaol ghillín meidhreach óg
Bhí cona-gadhar go h-éadtrom
Ag léimrig 'na dhiaidh sa ród
Níl aon stáit-bhean ar bhuaile in Éirinn
ná béarfadh do a gean gach ló.2.
Ón dtír aduaidh seadh ghluais chughainn
An suairc-fear ar bhárr cháil
Íosa Chríost gur mhór leis
Agus le na sliocht gan fáil
Ba ghearr gan mhoill gur chualamar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Conaire
- Inscne
- Fireann