Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)
- Suíomh:
- Cill Íseal, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Conaire
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 179](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0644%2FCBES_0644_179.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 179
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ceann úl ag fás agus chúig cinn de úil air. Tháinigh tinncéir, a bhean agus a mháthair. Thógadar úl an duine. Tháinigh tincéir eile, a bhean agus a mháthair agus thógadar úl eile an duine agus bhí ar an gcrann ina dhiaidh go léir aon úl amháin. An mó duine a bhí ann?Ceathrar. Bhí gach tinncéir pósta le máthair an tinncéra eile.
Fear a bhí ag féachaint ar phictiúirí i dtigh a chomharsan. Ag tabhairt ceann fé ndeara, d'iarr sé d'fhear an tí, cé h-é sin? Ag tabhairt freagra air, seo mar dúirt fear-a-tí :- Athair an fhir sin, sin é mac m'atharsa agus ní raibh agamsa deirbhshiúr na dearbhráthair. Cad é an gaol a bhí idir mé agus an fear sa phictiúr?Sé fear-a-tí a bhí sa phictiúr.- Bailitheoir
- Seán Ó Conaire
- Inscne
- Fireann