Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)
- Suíomh:
- Cill Íseal, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Conaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí múinteoir scoile go dúthrachtach ag foghluim na teangan.”
Bhí múinteoir scoile go dúthrachtach ag foghluim na Teangan. Anseo sna Déise a bhí cónaithe air agus bhíodh sé i ndiaidh Labhás Ó Cadhla chun castaí agus blas na Teangan a thabhairt leis.
Bhuel, tráthnóna áirithe ráinig don mbeirt a bheith i gCarraig na Siúire agus bhí ar an bhfear seo glaoch chun tighe chara leis.
Nuair do bhuail sé le Labhrás arís bhí scathamh maith idir an imeacht agus an casadh agus bhí roinntín beag bídeach de searbhas ag gheallúint ar Labhrás.
Is amhlaidh gur bhuail duine eile leis an múinteoir agus níor d'éirigh leis slán d'fhágaint aige go ró-luath.
"Cad a choinnigh comh fada san thú"? arsa Labhrás. "Ní raibh aoinne istig" arsa an múinteoir. "Conas a raibh fhios san agat" arsa Labhrás. "Bhuel", arsa an duine eile "nár dhein mé cnag mór ag an doras agus níor fhreagair aoinne mé". "Mhuise" arsa labhrás "nach fada d-l ó bhaile do thug tú leat é".
Ní ró-mhinc, tá's agat do dhein an fear bocht san dearmad mar sin - ciall ceannaithe.- Bailitheoir
- Seán Ó Conaire
- Inscne
- Fireann