Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)
- Suíomh:
- Cill Íseal, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Conaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
- XML Leathanach 248
- XML “Tobar Beannaithe Eile - Cinín Dáibhidh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I bparóiste na h-Eaglaise sa cheanntar a ghlaotar Tigh na Coille air atá an tobar seo suite. Istigh i lár feirma atá sé agus ní bhaghainn a rá go bhfuil rian casán ná bóthair ag rith thairis ná go dtí é.
Tá casán déanta timpeall air agus crainn ag fás chun foithintha. Tá rian na dturas san áit - na boinn, paidríní, píosaí ribíní, sean phíosaí airgid etc agus an cupán chun an t-uisce d'ól as.
Tá tógtha ann íomháigh Críost an Rí.
Seo mar d'éirigh. Bhí Bráthair Críostiúl a rugadh agus a tógadh i sráid bhaile na h-Eaglaise agus bhíodh ag geallúint fo mór ar tinneas chinn fíochmhar. Bhíodh sé ina mairtir aige.
Comhairlig a mháthair do turas do thabhairt ar Chinín Dáibhidh agus ghéill sé dhi san do dhéanadh. Is amhlaidh dhein. Bhuail sé timpeall an tobair agus a phaidrín i nglaic aige agus é go dúthrachtach ag gabháil a ghuí. Nuair a bhí deire leis an dturus thóg sé an cupán ina ghlaic aige agus chrom sé síos chun deoch a thógaint. Lena linn sin bualadh buile sa chúl air agus ar an móimint san d'fhág an tinneas cinn slán ag an fear bocht.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Conaire
- Inscne
- Fireann