Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)
- Suíomh:
- Cill Íseal, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Conaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
- XML Leathanach 92
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Seo píosa beag a chum duine a bhí dúil san ól aige.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Gur fhulaing Sé trí tharranige tré na tharracha 's lámhaibh ar an gCrann
Seachnuighidh ól 's ragairne 's gheobhaidh sibh Parathas mar dhualgas ann.(gan teideal)
“Timcheall 25 mbliadhan ó shoin chuadhas féin agus an fear so - Piaras go dtí tig an tsagairt.”
Timcheall 25 mbliadhan ó shoin chuadhas féin agus an fear so - Piaras - go dtí tig an tsagairt Pharóiste mar bhí 'match' déanta ag Piaras agus bhí air 'socrughadh' leis an sagart. Nuair a bhí san réidh agus an t-airgead ina phóca d'éirigh an sagart agus druid sé chughainn 'an buidéal' trasna an bhóird. Bhí ar an sagart bolg mór - ceann neamh-choitianta ar fad. Suidh sé i nár aghaidh. Leag sé a dhá uillinn ar an mbórd agus mar sin bhí a bholg fé imeall an bhúird. Bhí na gloiní lán againne abair an sagart i d'iarrde Phiaras "dén aois atá ag an mhnaoi seo atá tú chun pósadh?" "Bhuel, a Athair, ní fheadar, mar ní raibh de radharc agam airthe ach an méid do fuaras de dheascadh snaibín beag a fríghde de sholus coinnle". Sgread an sagart ar gháiridhe agus le na bhuilg d'árduig an bórd ar a thaobh san de agus níor fhan braon de'n uisge-beatha gan dortadh.
Tá an sagart féin ar Slighe na Fírinne le fiche bliadhain.- Bailitheoir
- Seán Ó Conaire
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cathair na Léige, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Píaras Ó Dúragh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Láithreach, Co. Phort Láirge