Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)
- Suíomh:
- Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás de Bhál
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Baile fearann iseadh Cnoc Buidhe. Tá Cnoc Buidhe ar an dtaobh thiar-thuaidh de Chillbhrian. Cralluigheann an ainm Cnoc Buidhe an cnoc atá buidhe.
Bhí fear agus a bhean chéile sa Cnoc Buidhe. Ní raibh siad pósta le fada nuair a fuair céile an bná bás. Bhí brón mór ar an mhnaoí bhocht nuair a fuair sé bás.
Do béigean di pósadh arís ach dhein sí dearmad, an bean bhocht. Bhí an fear an-chrosta ar fad agus is minic a bhuail sé na leanbhaí óga. Ba chruaidh an saol a bhí aca go léir leis an tarna fear.
Lá amháin chuaidh an dara fear go dtí aonach a bhí i nDúngarbhán agus nuair a tháinigh sé abhaile bhí sé ar meisce. Bhí sé an-chrosta ar fad nuair a tháinigh sé abhaile. Bhí eagla ar an mhnaoí agus ar na póstaibh roimhe. Ní raibh fhios aca cá raghadh siad uaidh.
Bhí sé ag bualadh na páistí agus ag tabhairt droch ainmneacha ar an mhnaoí.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire de Bál
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Baile na Coille, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Dunurtaigh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Both an Dúin Theas, Co. Phort Láirge