Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)
- Suíomh:
- Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás de Bhál
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá Sléibhte na Chomaraigh ar an taobh thoir de Chillbhriain. Suidhe Fionn an bior is aoirde ionnta. Tá mórán locha ionnta agus tá radharc álainn ó Sléibhte na Chomaraigh. Bhíos thuas ar Suidhe Fionn uair ag caitheamh lá saoire.
Tá bóthar árd i Sléibhte na Chomaraigh agus tugtar Bearna Gaoithe air mar nuiar a thagann an gaoth scuabann sé an bhearna go mear. Bhíodh sprid ann fadó. Do dhin an sprid rudaí úfásach nuair a bhíodh sé ann. Na daoine ag dul tríd an bhearna san oíche tháinigh an sprid orra. Aoinne nár thug freagra dó ar an nóimint mharbh sé é.
Uair amháin bhí mangaire éisc ag teacht ó Dúngarbhán tríd an mbearna agus bhí sé in am marbh na h-oíche. D'éirigh an sprid as díg ina choinne. Bhí eagla ar an mangaire agus labhair sé leis ar an nóimint. Ansan dúirt an sprid leis "Marach gur labhair tú go raibh deire leat agus cé go raibh an misneach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Fhreachair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Floinn
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge