Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)
- Suíomh:
- Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás de Bhál
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 226](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0646%2FCBES_0646_226.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 226
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)air labhairt go ndéanfadh sé fear saibhir leis an mangaire. "Uair amháin" arsa sé "hí mé ag obair le fear saibhir. Bhí corcán óir aige agus chuir sé féin crann anseo. D'iarr an máistir orm an corcán do choiméad fé mo shúil. Thug mé an geall dó. Bhí fhios ag an máistir ná bhéinn fíor dom fhocal agus lámhaigh sé mé ar an áit. Táim anseo ón am sin go dtí an oíche seo".
"Tá áthas im chroí gur labhair tú mar nár labhar tú liom bhéinn anseo le fada agus bheitheá marbh agam. Tabharfad corcán óir duit anois". Chuadar go dtí an crann agus fuaireadar é. Thug sé don bhfear iascaireacht é. Bhí sé ina fhear saibhir ón uair sin amach agus níor chuaidh sé ag iascaireacht ar an dtrá riamh. Níor dhein an sprid aon díobháil do aoinne as san amach. Sin mar a chualas an scéal i dtaobh Sprid Bearna Gaoithe.- Bailitheoir
- Siobhán Ní Fhreachair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Floinn
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge