Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)
- Suíomh:
- Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás de Bhál
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ina chónaí i gCill Cianagh uair amháin. Cian na mBeann Óir an ainm a bhí air. Draoi dob eadh é agus fear fial flaithiúl dob eadh é. Níor lig sé aoinne riamh óna thig gan bia.
Lá aqmháin nuair ná raibh sé sa mbaile tháinigh triúr stránséirí ag fiadhach sa Cill Cianagh. Nuair shroiseadar tigh Cian d'iarradar deoch d'fhághailt. Thug bean an tighe an deoch dóibh agus d'iarr sí ortha fanacht sa tigh chun an dinnéar. Níor fhan siad chun a ndinnéar. D'imíodar leo.
Nuair tháinigh Cian abhaile d'innis a bhean chéile dó mar gheall ar na stráinséirí. Bhí Cian ar buile. Lean sé iad agus tháinigh sé suas leo. Bhuail sé le slaitín draíochta iad agus dhein sé clocha dóibh agus dhein sé an cleas céanna leis na gadhair a bhí aca.
Na Teampáin a tugtar ar na clocha sin agus tugtar Réidh na dTeampáin ar an áit ina bhfuil siad. Nuiar chuireas ceist ar a lán daoine ó Réidh na dTeampáin mar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Cuileanáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- Os cionn 13
- Seoladh
- An Leacain Daraigh, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Pádruig Tóibin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge