Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)
- Suíomh:
- Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás de Bhál
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)meanma ann agus bhí a chroí corraithe ag féachaint ar a mhuintir fé chois ag na daoine móra. Bhailigh sé foireann óig fhear chun seasamh dos na daoine agus chun iad a chosaint. Tá sé ráite i measc na daoine nár d'oirt sé fuil riamh ach nuair ba gádh leis agus go riaradh sé a chuid ar na daoine bochta. Déineadh sé creachadh ar na daoine móra agus bhíodh lucht na dlí ar a thóir i gcónaí, Sa phluais a téigheadh ag faire dó.
Lá áirithe bhí an t-arm ar a thóir agus leanadar go dtí an phluais é. Thug sé na cosa uatha ach ní raibh ann ach san. D'fhanadar ag faire ar an bpluais ar feadh i bhfad ag feiscint an gcuireadh an t-ocras amach é. Bhris ar an bhfoidhne aca sa deire agus chuireadar saighdiúr síos sa pholl ar théad. Ní raibh aon rud dá bhachadh le Crota é a lámhach ach níor dhein. Chuir sé d'fhiachaibh air geallúint a thabhairt do go ndéanfadh sé leis an oifigeach go raibh lón leath-bhliaina ag Crotaigh sa phluais.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Dúnúrtaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na Coille, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Muirgheasa
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Bhriain Uachtarach, Co. Phort Láirge