Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)

Suíomh:
Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Tomás de Bhál
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 278

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 278

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt
  2. XML Leathanach 278
  3. XML “Aoir nó Caoineadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Féach a géaga suarach sínte iad
    Agus féach a mhéara i bhfad is a gcaoileacht
    Féach a chosa istig ina bhríste
    Nach liosta cortha is nach fada ó gníomh iad.
    9.
    Cá bhfuil a lúth, a neart is a mbrí úd
    A thuigheacht, a leithéad, is gan dearmad a aoirde
    A cnámha is a chuisle snúifgthe i gcaoileacht
    Cá bhfuil an teideal don bhfear bhí againn.
    10.
    Féach ar a ndruinn is a dhrom a bhí díreach
    Féach ar an gceann go chrom is gan gíog as
    Féach ar an gcabhail, nach lom is nach mín é
    Is an bás ag bagairt gach lá éiríonn air.
    11.
    Ní fada uiadh go bhfughsidh sé faoiseamh
    Is gearr anois go nglaochfaidh Dia air
    Iarrainn sé go h-umhal ar árd is ar íseal
    Guí ar san a anam chun Muire is chun Íosa.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Diarmuid Stócas
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)