Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)

Suíomh:
Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Tomás de Bhál
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 277

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 277

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt
  2. XML Leathanach 277
  3. XML “Aoir nó Caoineadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    A ghnaoi is a ghmúis mí ghnéitheach snuighthe
    Ach! mo chreach é, atá anfá ins an croí aige.
    4.
    An dochtúir árd, nó an dochtúir íseal
    Ná an dochtúir eile a bhain do luibheanna
    An sagart naomhtha agus éide Chríost air;
    Ach mo chreach mé, níor leigheas a ndícheall
    5.
    Bíonn comharsa anois agus comharsa arís ann
    A théidheann dá fheachaint le bád ó chroí dhó
    Agus a deir gach neach díobh gurab é atá briogheadh
    Ach mo chreach! is dóibh nach fíor sin.
    6.
    Nuair gabhaidh amach is é port bíonn aca;
    Nach lom a cnámha ia na ceithre críon é
    Nach bocht an arán mbíodh eorlach dín air
    Cad bhain do ar aon chor, nach ait do shnuigh.
    7.
    Féach ar a aghaidh bhí cruinn ceart fíor deas
    A mhuinéal súigte, mar gheal do bhíodh sé
    A ghuailne tréana bhí leathan liomsa
    Cruinn le chéile bailithe i gcríonacht.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Diarmuid Stócas
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)