Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)
- Suíomh:
- Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás de Bhál
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt
- XML Leathanach 280
- XML “Caoineadh Mháire Ní Donagáin ó Shliabh Gua ar a Driotháir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- A dhriotháir, ó mo mhíle dith thú
Is mé rinn' an aisling a chealg an chroí 'gam
An oíche roimh sollamhuin áirdeirc Íosa
Go bhfaca leoghan don chroí-fhuil dob' aoirde
Ag dul dhá phósadh i róbaidhibh síoda
I mbratacha bána sa mbábhar chíor-dubh
'Sa dhá leor de dhaoine óga 'na timpeall.Rí na nGrás is gárda naoimh ort
'S gur i nDún na mBád ar lár a bhí thú
Do ghluaiseas cé bhuartha mo smaointe
Go h-uaigneach gan sluaití dem' mhuintir
Teacht faoi tuairim ón dtuath is caoineadh
Mar bhain 'fán fairrge is mearbhal slí dóibh
Mar is marbh faoi locaibh a bhíodar.
An t-am do ráinig Máire thíos tú
Ní raibh aon de príomh-chirt taoibh leath
Ach Brighid is Liam gan chiall gan chuimhne
Di shuías in aice is ní fheadar cad déarfainn
Mar do mharbh ar mhearbhal m'éirim
Ach amháin gur smaoineas dá maoidhfhinn an méid seo
Agus a shuidhcaint le fírinne go mbfhéidir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Cuileanáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Leacain Daraigh, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Labhras Ó Cadhla
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge