Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)
- Suíomh:
- Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás de Bhál
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt
- XML Leathanach 283
- XML “Caoineadh Mháire Ní Donagáin ó Shliabh Gua ar a Driotháir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ní mar aon bhean do ghcillis do Mhuire
Gór duanach ód bhéil tána thuigheadh
An lán déanach fán gcré leat gur thugais
An Corp Naomhtha agus glaoch air go minic
A leomhan ghroidhe de pár pár buidhin mo chine
Mo bhrán scís do láistín sa roilig.A dhriotháir ó, mo mhíle gleo thú!
Is da mba agamsa bheadh roinn na glóire
Is ró-mhaith an chuideachta leigfinn san ródh leat
An dá abstal déag san Tiarna Tróchaireach;
Peadar is a eachracha ag oscailte na ndóirse
Is thuas i bPárthas beadh do leaba agam tógtha
Mar a mbíd sean-daoine 'na ndaoine óga.A dhriotháir ó, mo mhíle treighid thú!
Dá mbeadh maitheas dom m'eachtra d-insint
Cé rachfas liom thar abhainn óm choinnleacht?
Beannacht Muire gheal milis na Foidhne
Beannacht na n-óg agus fós na maighdean
Beannacht n-aingeal ar lasadh go soillseach
Beannacht na mairtíreach le deigh - inntinn
Beannacht Mhic Dé do dtáid sí i bhfeidhm duit.
'S mo bheannacht féin gan phlé gan aighneas
Do carradh ar an leanbh fuair peannadh ó Pilate(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Cuileanáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Leacain Daraigh, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Labhras Ó Cadhla
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge