Scoil: Cill Bhriain, Béal na Molt (uimhir rolla 11890)
- Suíomh:
- Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás de Bhál
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí buachaill breágh dathúil na chomhnaidhe im baile an bhaoghill fadó riamh.Ba béas leis éirighe go doith ar maidin gach domhnach agus duil go dtí an chéad aifreann. Nuair a thagadh sé abhaile annsan thugadh sé tamall de’n lá ag ádbheireacht ar fhaillteacha na fairrige.Domhnach áiridthe (áirithe) agus é ar barra faille mar sin, do chonnaic sé uaidh síos ‘na suidhe ar chloich an bhean ba bhreághtha dar luigh súil duine riamh uirthe. Bhí ceann breágh fionn-ruadh gruaige uirthe go raibh scáil an óir ins gach dlaoí dí, agus í ag sileadh síos léi go talamh. A cíoradh a cinn fe-n ngriana bhí sí agus ní raibh a fhios ag an óigh-fhear chérbh í ná carbh as í, mar ‘sé a drom a bhí leis; agus in a fochair bhí brat draoidheachta timcheall uirthe.Déin sé síos fe na déin, mar ba mhinic a chualaidh sé tracht ar murbhach agus nach fuláir nó gurb í bhí ann. D’éaluigh sé ar barraibh a chos laistiar dí agus sciobh sé an brat draoidheachta d’a slinneánáibh anuas.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Micheál Scelton
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Labrás Ó Cadhla
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge