School: Cineal Conaill (roll number 15271)
- Location:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Antoin Ó Dochartaigh
![The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 71](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1035%2FCBES_1035_71.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 71
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cineal Conaill
- XML Page 71
- XML “Dán Oileán Locha Deirge”
- XML “Dán an Toir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Béidh tú agam go foil i bPárrthas”
“Ca bhfuil do mhrá caointe a Mhic as a Grádh gheal”
“Níor rugadh go fóil iad sin a Mháthair
Nuair a beirfear cluinfear as gach árd
A Coidhche choidhche ar Oilean Padraig iad”
Och, Och agus Och Ochón.(Maighread Ní Máirtín, Guala Dubh, 13½ bliadna a scríobh sios a beal aithris Nuala Ní Máirtín ‘Nuala Ned’, 85 bliadna, Cor a Creamh, Bearnas Mór, 23/1/38) - Anam a bhí ag deánamh a bhreitheamhnas aithrighe i gcúl sgeiche ar bhruach abhna. Lá amháin bhí fear ag dul an bhealaigh agus chonnaic sé scáil a aghaidhe ins an sceardán ós a chionn. Labhair sé leis:-
“Ceist agam art a dhuine bhocht, an duine saoghalta thú no geilt”
“Ní duine saoghalta mé no geilt, ach (amain) anam bocht atá i bpianaigh.
Fice bliadain go domhnach seo chugainn a sgar ar tanam leis an cholainn chlaonaigh.
Tá mé mo luighe annseo ó shoin, m’aghaidh ar ghaoth agus ar fhearthainn.
Nuair a bhí mé féin ‘mo óglach, ba mhaith mo(continues on next page)