Scoil: Meenacahan (uimhir rolla 6063)

Suíomh:
Mín Uí Chatháin, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Brigid, Bean Uí Eachthighearn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1037, Leathanach 274

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1037, Leathanach 274

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Meenacahan
  2. XML Leathanach 274
  3. XML “An Rí agus A Thriúr Mac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí rí ann uair amháin a rabh triúr mac aige, agus bhí da fheirm talamh aige. Lá amháin chuaidh na mic amach ag obair. Dubhairt an mac a ba óige gur seo feirm s’ aigesean agus dubhairt an dara mac gur leisean an feirm eile, agus an mac a ba sine Seán a bhí air agus ní rabh feirm arbith aige. Phill sé chun na bhaile agus fuair a chuid saidhbreas o’n Rígh. D’imtigh sé arias ach ní theachaidh sé i bhfad gur casadh fear air agus é in a luighe ar an talamh. “C’ainm a tá ort” arsa Seán “Cluas Ghéar”. An deanfa fastód arsan fear. Dheanfhainn arsan “Cluas Ghéar”. Caidé an méid a beitha ag iarriadh cun lá agus bliadhain. “Cuig Phunta” “Cluas Ghear”. D’imtigh siad leobhta agus ní teacaidh siad i bhfad gur casadh fear ortha a’s é ag sgaoileadh leis na realtógaí. “C’ainm a tá ortsa” arsa Seán. “Súil díreach an gunna”. “An dearfá fastód” “Deanfaidh” arsa seisean. “Caidé an mead a béitha ag iarraidh”. “Cuig phunta” arsa seisean. D’imtigh siad leobhta go dtainig siad fad le fear agus ceann da cuid cosa ar a gualann agus an ceann eile ar an talamh agus é ag coinnealt gearrfiadh istoigh i bpairc. “C’ainm a tá ortsa” arsa Seán “Cos Luath” arsan fear. “An ndeanfá fastod” arsa Seán “Deanfaidh” arsan cos luath. “Caidé an méid a beitha ag iarriadh chun lá agus bliadhain”. “Cuig phunta” arsa seisean. D’imtigh siad leobhta ach ní theacaidh siad i bhfad go dtáinig siad fhad le fear a bhí ag gearradh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge