Scoil: Meenacahan (uimhir rolla 6063)
- Suíomh:
- Mín Uí Chatháin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brigid, Bean Uí Eachthighearn
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1037, Leathanach 286](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1037%2FCBES_1037_286.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1037, Leathanach 286
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Meenacahan
- XML Leathanach 286
- XML “Seaghan Bán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann aon uair amháin darbh ainm Seaghan Bán. Bhí ganntanas món fríd an tir an t-am seo agus díol Seaghan an bó dheireannach le biad a fhagháil do a bhean gus agus a clann. Bhí maidín amháin uair a bhí an phighinn dheireannach caithce agus bhí Seaghan bocht trom-croidtheach ag smaointié ar an ocras a bhí ag teacht agus ar Mháire agus ar na páisdí. Ní thiochfadh lus fanacht san teach agus chuaidh sé suas go dtí an tulach agus thoisigh sé ag caoineadh. “Caidé a tá cearr leath a Séain Bháin” arsan glór coimhtigheach ag a thaobh”. Bhí Séan náirighe ar fad ach b’éigin do a a trioblóid a innsint amach. Nuair a d’amarc Séan suas chonnaic sé fear greannmhar ag a taobh. “Tá mé bean a’s mo chlann” arsa Séan ar an anás agus níl oiread as bó in mo bhoitheach le deor bainne a tabhairbh dobhtha”. “Car mhaith liom an leitheadh de buadhartha a theacht treasna ar mhac do athara no eisean a bhí in a cheann mhaith damhsa an lá a mhair sé. Gabh arais go dtí do bhoitheach a Shéain agus geobaidh tú bó ann. Tabhair aire maith dithe agus ní bheidh tú fhéin no do churam gan bainne fad as a tá sé ar igín agat”. Arsa fear beag agus shiubhal leis. D’éirigh Séan agus iongantas an domhain agus síos leis go dtí an toighe agus isteach san boitheach agus caide a tcí sé ar an bhó a ba deise dar chaith sé a dha shúil ariamh air(leanann ar an chéad leathanach eile)