Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)
- Suíomh:
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Duibhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a innseacht dó ór nach rabh fhios aige fhéin. Is maith duit nach rabh tú comh digh muinnte leis an bhunadh a bhí annseo na ní bhéadh do saoghaill fada. D’imthigh Troighthe Go leith Fear agus bhain sé teach na fathanaí amach. Nuair chuaidh sé isteach go toigh na fathanaí bhí cúig fathach mór ann na gcúig gcinn na gcúig muineal agus na gcúig meall agus an coraigh ag gol (guil) ar an teine. D’éirigh ghach uile fear de na fathanaí agus dhruid sé an doras da chuid fhéin agus chuir sé an ghlas air. Chuir Troighthe Go leith Fear glas ar a doras fhéin. Rinne gach eile fear de na fathanaí gáire agus rinne seisean dhá gháire. “Mar dalba an rud”, deir na fathanaí leis, “theacht annseo agus da gháire a dheánadh na dhá ghlais a chuir ar an doras na caidé an t-adhbhar a rinne tú é”. “Caidé an t-adhbhar a rinne sibhse gáire agus glas a chur ar gach doras le linn mise theacht isteach?”
“Innseochaidh muid sin duit”,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Prionsus A Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 20
- Faisnéiseoir
- Seán a Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Mín na Cloiche, Co. Dhún na nGall