Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fionn-Tráigh
- XML Leathanach 117
- XML “An Reilig”
- XML “An Reilig”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá dhá reilig sa pharóiste anois. Tá siad suithte taobh thoir de na Cealla Beaga. An reilig phrotastunach agus an reilig chaitliceach. Coisreachad í sa bhliain 1872 agus sé an rut atá uirthí MOCCCLXXII. Ba é an t-easbuig Mac Devitt agus an t-Athair Stephenson a chosicrigh í. Cuirtear daoine ins an dá cheann. Tá siad cearnogach. Tá fanaidh leo o dheas. Tá crainn go leór annta. Tá áit ins an reilig úr fá choinne leanbhaí a fuair bás gan baisteadh.
Tá sean reilig taobh thiar theas de na Cealla fósta. Ba leis na Caitlicigh í ar tús ach bhain na Protastúnaigh uatha í. Annsin chuir na Caitlicigh agus na Protastunaigh a muinntear ins an reilig chéadhna. An Caitliceach deireanach a cuireadh ann tá a mhac beo go fóill ins na Cealla. Dochtartach an t-ainm a bhí air, agus sé an fágh gur cuireadh ins an sean-reilig é, an athchuinge deireanach a d'iarr sé le bheith curtha le na bunadh. An chéad duine a cuireadh ins an reilig úr, bá phaiste beag é dar bh'ainm Connolly. Bá athair mór m'athair an seachtmhadh duine a cuireadh ann. - Tá dhá roilig sa parróisde seo anois. Is le na protastúnaigh ceann amháin acu agus is le na Caitlicigh an ceann eile. Ta siad taobh shoir de'n teach pobaill. Ta déanamh cearnógach ortha, agus tá siad ag dul le fánaidh. Níl sean chrosanna ar bith ins an roilig úr, ach tá ins an t-sean cheann a bhí ann roimh an ceann seo.
An duine deireannach a cuireadh ins an t-sean roiligh athair Sheáin Mhóir. Chuirtí Protastúnaigh agus Caitlicigh san roilig. Ní théigheadh an sagart go dtí an uaigh, ach chuirfeadh sé anonn beagán creafóige coisreactha le(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Nic Amhlaoidh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Leargaidh Mhór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Baoghail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Kill, Co. Dhún na nGall