Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fionn-Tráigh
- XML Leathanach 169
- XML “An Duine is Falsa”
- XML “An Bhrionglóid”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí trí dearbhrathreacha ann aon uair amháin agus bhí siad an fhallsa. Lá amháin bhí an trúir in a luighe ar thaobh an bhealaigh mhór, agus tháinig fear uasal thart. Dubhairt sé go dtabharfadh sé cúig sgillinge do’ an duine is fallsa.
“Seo cúig sgillinge duit” arsa seisean leis an chead fear, “má’s thú an duine is fallsa”. D’éirigh sé agus shiubhail sé fá na choinne. “Suidh síos arsa an fear uasal, “na ní tusa an duine is fallsa”. Annsin dubhairt sé go dtabharfadh sé cúig sgillinge dó an dara dhuine más é an duine a b’fallsa. D’éirigh sé agus thuit sé arais, d’éirigh sé an dara h-uair agus thuit sé. “Suidh annsin ní tusa an duine is fallsa” arsa an fear uasal.
Annsin labhair sé leis an fhear eile agus dubhairt, “Seo an cúig sgillinge duit”, agus arsa an fear, “tar annseo agus chuir in mo phocha é tá mé ró fhallsa le ghabháil fá na coinne”.- Bailitheoir
- Máire Ní Cuinneagáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Leargaidh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seamús Ó Crawford
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Leargaidh, Co. Dhún na nGall
- Bhí Éireannach agus Albanach agus Sasanach ann aon uair amháin, agus bhí an triúir aca ag stapadh ins an teach ósta céadna. Lá amháin cheannuigh siad builbín eatorra agus dubhairt siad go bhfuigeadh an fear a mbheadh an brionglóid is fearr aige é.
Chuaidh siad a luighe agus i lár na h-oidhche d’éirigh an t-Éireannach agus d’ith sé an bhuilbín. Bhí go maith as ní rabh go h-olc go dtáinig an mhaidín, annsin toisigh siad ag innse(leanann ar an chéad leathanach eile)