Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)

Suíomh:
Fionntrá, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1039, Leathanach 189

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1039, Leathanach 189

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fionn-Tráigh
  2. XML Leathanach 189
  3. XML “Dónall Ó Conaill”
  4. XML “Na Trí Chomhairleacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nuair a tháinig an t-sagairt isteach san tseomra, labhair sé i laidean, agus d’fhreagar Domhnall é ins an teangaidh ceadhna. Annsin dubhairt an t-sagairt leis an Mhinistéir an t-airgead a thabairt de’n ghasúr nó muna dtabharfadh go dtabharfadh an rud seo trioblóid dó rith a shaoghail. Annsin thiomain an tsagairt an bheathach amach as an teach agus chuaidh Domhnall abhaile, agus fuair an gasúr an t-airgead.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Na trí comhairleacha.
    Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé pósta amuigh fa na sléibhte. Bhí mac amháin aige, agus ní rabh sé ach óg. Lá amháin smaointigh an fear go rachadh sé ar shiubhal go dtí an Lagán nó bhí morán oibre ag gabhail ar aghaidh ann. D’imthigh sé leis an lá thar na bharach agus níorbh fhada gur bhain sé an Lagán amach. Bhí sé ar aimsir ag fear annsin agus chuireadh sé a phaíre abhaile dhá uair gach bliadhain chuig a bhean.
    Nuair a bhí sé ar siubhal bliadhain agus fiche bhí sé le teacht abhaile. Dubhairt a mhaighistir leis go dtabharfadh sé páire na bliadhna dó nuair a bheadh sé ag gabhail abhaile. Bhí go maith agus ní rabh go h-olc, an lá roimh an lá a d’fhág sé d’iarr a mhaighistir ar a bhean dhá thuirtín a dheánamh ceann beag agus ceann mór agus páire an fhir a bhí ag obair dó a chuir isteach ins an cheann mhór. Rinne sise iad agus chuir an phaíre asteach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0910B: The Servant's Good Counsels
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire B. Nic Cuinneagain
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán O Dochartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70