Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fionn-Tráigh
- XML Leathanach 105
- XML “Lag na Fola”
- XML “Ráthanna agus Liosanna”
- XML “Ráthanna agus Liosanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar an áit.Aibhistin Aodh Mac Amhlaidh, An Leirigean Mhór.
Mícheal Ó Baoighill, Chille. - Tá liosanna i gceantar na scoile. Tugtar lios, caiseal, ráth agus dún ortha. Tá lios ar an Lairigean, agus tá caiseal i bhFionn Tráigh i n-aice na scoile. Tá Dún Mhurrin i n-Oileán. Tá siad uilig i radharc a chéile. Tá déanamh cruinn ar gach ceann aca. Tá claidhe thart ar gach ceanna aca. Chuadh sgaifte de bhuachaillí na scoile isteach i lios fa gcodla lá amháin, ach níor tharluigh rud ar bith. Ní'l poll ar bith i gceann ar bith ach san cheann seo. Deir cuid de na daoine gur i n-aimsir na bPaganach a rinneadh iad, agus deir cuid eile gur i n-aimsir na Lochlannach a rinneadh iad. Rinneadh iad ar dhóigh is go dtiocfadh leis na fir a bhí ag coimhead namhaid ar bith a fheiceáil, nó bealach na fairrge a thigeadh siad an t-am sin. Níor réabadh nó níor treabhadh aon cheann aca ariamh. Chonnaictheas soillse ar an cheann i Lairigean. Deirtear go gcodluigheaddh na daoine a bhí ag coimhead i gCaisleal Carrach i lios fa gcodla. Ní fhacaidh aon duine rud ar bith thart ortha ariamh. Deir na daoine fósta go bhfuil óir ins na liosanna seo.
- Bailitheoir
- Nóra Nic Amhlaidh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Leargaidh Mhór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Aibhistín Aodh Mach Amhlaidh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- An Leargaidh Mhór, Co. Dhún na nGall
- Tá liosanna i gceanntar na sgoile. Tugtar lios, caiseal agus dún ortha. Tá ceann d'arbh ainm Caiseal in aice na sgoile.(leanann ar an chéad leathanach eile)