Scoil: Cill Chartha
- Suíomh:
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eighneachan Ó Muireadhaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chartha
- XML Leathanach 290
- XML “Droim Riabhach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Druim Riabhach
Ní leas-ainm ar bith é ar an bhaile seo an Druim Riabhach a thabhairt air. Baile creagach, clochach ar dhruim riascach sléibhe is sead'é mar deir siad i gcúigeadh Mumhan. Ocht dteaglaigh atá ann, gach ceann ar a ghabhaltas féin. Tá sean bhealach ag dul síos fríd an bhaile ó Droichead Chocubhair go Droichead na gCaislíní. Faoi 'n bhealach seo, ar thaoibh do láimhe deise agus tú ag dul suas tá coillín, idir an bealach agus an abhain atá mar teorann idir an bhaile seo agus Caiseal Chairn.
Bhí crann chuilinn ag fás ameasg na dtom ins an choillín seo agus nuair a bhí mise mo ghasúr ní leigfeadh an eagla domh na do ghasúr ar bith eile baint leis an chrann sin, nó bhithear a' rádh gur crann uasal a bhí ann agus go n amharcidh an Rí ar an té a bhainfeadh slat de.