Scoil: Cill Chartha
- Suíomh:
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eighneachan Ó Muireadhaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chartha
- XML Leathanach 293
- XML “Caiseal Chairn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thoilig Peadar an crudh a chóiruigadh acht ní ghlacfadh sé airgead ar bith. D'imthigh an marcach agus nuair a thainic Padai amach go b'feiceadh sé cé'n bealach a rabh sé gabhail ní rabh an radharc le fághail air. Bhí sin go maith ach níor chuir Padai suim ann ní ba mhó.
Ar maidin lá thar na bhárach nuair a thainic Padai annsoir a chuid oibre caidé bhí na luighe ar an inneoir acht ginidh úr buidhe agus gach eile maidin luain 'na dhiaidh sin bhíodh an ginidh sin fa na choinne ar an inneoir.
Níor innis Padai ariamh do neach beo fán airgead, acht sa deireadh thug a bhean fa dear go rabh rothain ar Phadai nach dtiocfadh léithe-sa cunntas a thabhairt air agus bhí sí ag dul dó go dtí sa deireadh gur innis Padai fán mharcach agus fán airgead. Ón lá sin amach ní rabh an ginidh fa na choinne