Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 180
- XML “Scéalta Greannmhara - Mar Bhain an Fear an Geall.”
- XML “Scéalta Greannmhara - Na Fir agus A gCuid Préataí Móra”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)isteach agus d'fhiafruigh sé duithe caidé bhí uirthí agus dubhairt sí leis "Tá m'fhear ag gabhail fhaghail bháis agus caidé dheánfas mé?"
"Arú!" ars' an fear díomhaoin, “Ná bí amaideach”. Coingbhigh suas dó chroidhe, pósfaidh mise thú agus beídh an uile rud go bréagh."
Thóg sí a lámha agus stad sí ag caoineadh ar a' bhomaite. "Is minic a smaoitigh mé fhéin ar sin" arsa sise ag gáiridhe. Le sin d'éirigh an fear as a leabaidh agus bhí sé slán arís bhain an fear díomhaoin an geall. - Ná Fir agus a gcuid Préata Mór.Bhí triúr fear ag cainnt le chéile oidhche amháin. Bhí siad ag seanchasg fá phréataí agus chuir siad geall ciaca connaic an phréata a ba mhó.
"Chonnaic mise préata sa’ bhaile agus rinne sé ceithre thuirtín déag ‘bocstaí’ ars an chéad fhear.
"Chonnaic mise préata" ars’ an dara fear " agus nuair a bhí muid dhá chur amach as an iomaire tháinig sé coinín amach as."
"Arú!" ars an tríomhadh fear, "ní préataí ar bith bhur gcuid préataí, chonnaic mise préata agus bhí tonna meadhchan ann."
"Chaithfidh tú dó sgéal a chruthughadh" ars an bheirt eile leis.
Bhí mé ar aimsear bliahdain amháin ar a' Lagán ars' an tríomhadh fear, "agus in am chuir síos a' phóir chuir siad mé fhéin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Mac
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall