Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 287
- XML “Amhrán Mheiriceá”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán Mheiriceá
“Glac mé smaoitiughadh in mo inntin”
Amhrán Mearica.
(I)
Glac mé smaoituighadh in mo inntin,
‘Gur lean mé do go cinnte,
Go néalochainn o mó muinntir,
Anonn un Oileáin Úir.
(II)
Glac mé an darna smaoiteadh,
Go bpillfinn arís go h-Éirinn,
An áit a rabh mó daoine
Le mó caoineadh ós cionn cláir.
(III)
Shiubhail mé dá céad míle,
Gan teach, gan cró, gan daoine,
Ní fhacaidh mé capall, bó nó caoire,
Ag deánamh ingilt ar an fhéar.
(IV)
Bhí géimneach agus buirfeach,
Beithidhigh allta ann,
Bhí fir agus mná gan t-sainn ann, a chasfa fá do mhéar.
(V)
Thárluigh isteach i dteach mé,
Bhí sean bhean ins an clúid ann,
Agus a stocaí ar a glúna,
D’éirigh sí go lúsrach a’s tug sí domhsa póg.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Cáitlín Bean Mhic Cathail
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Goirt Sháile, Co. Dhún na nGall