Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 323
- XML “An Tiarna Talún”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Tighearna Talaimh.
Bhí baicle tighearna talamh ina chomhnuidhe chuid de’n bhliadhan ar a Chlochar, áit taobh thuas de’n Charraic. Na Musgraves a tugtaoi ortha. Bhí tighearna talaimh eile ina chomhnuidhe ar a Doire Leathan dar b’ainm Murry Stewart.
Tá sé tuairim as ar sgór bliadhan ó bhí siad annseo. Níor shíl na daoine morán de na tighearna talaimh. Cuireadh daoine as seilbh ins an cheanntar seo.
An dream a cuireadh as seilbh thigeadh na h-Agents agus bheireadh siad seal goirid dobhtha leis an cíos a dhíol.
Nuair a bhíodh an t-am sin reaithte tigeadh na baíllidhe agus leagadh siad an teach agus chuireadh siad na daoine amach as.
Annsin tiomáineadh siad na ba ar shiubhal agus díoladh siad ar cheannt iad. Na daoine óga a cuireadh as seilbh d’imthigheadh siad go Meiriceá. Ach na seandhaoine fanadh siad i dteach comharsain.
I n-aimsear Chromwell tháinig na Sasanaigh go dtí an tír seo agus ghlac siad seilbh ar thalamh na ngaedheal. Sul a rannadh an talamh i bhfeirmeacha,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Liam Ua hÉigheartaigh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Goirt Sháile, Co. Dhún na nGall