Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 320
- XML “Ag Déanamh Ciseán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ag deánamh Cliabh.
Ar dtús gheibheann mo uncail na slatacha agus píosa córda agus téigheann sé suas go dtí an cuibhreann. Bheireann sé ar slat agus sáitheann sé síos sa talamh é. Annsin geibheann sé greim ar shlait eile agus sáitheann sé isteach sa talamh é tuairim is ar ceithre órdláigh ón chéad ‘saithteán’. Bíonn sé ag sáitheadh síos ‘saithteán’ mar sin go mbíonn ceárnóg deánta aige. Annsin nuair a bhíos siad uilig sáithe aige ceanglann sé an phíosa rópa ar a mbarr. Annsin bheireann sé ar slait amháin agus chasann sé thart ar na slatacha eile atá na seasamh sa talamh é. Chasann sé an t-slat seo isteach agus amach idir na slatacha eile. Nuair a bhíos an slat sin istigh aige gheibheann sé greim ar ceann eile agus gnídheann sé an rud ceádna leis. Gnídheann sé mar sin go mbíonn 18 rodhannaí deánta aige. Annsin gnidheann sé na camógaí. Annsin gnidheann sé 18 rodhannaí dá uair eile sul ma gnídheann sé an tóin. Nuair a bhíos an tóin deánta aige cuireann sé na h-ursacha isteach ann. Annsin tá sé réidh.
An Dóigh le bascáid a dheánamh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Ua
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall