Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 292
- XML “Seanamhráin - Seán Brún”
- XML “Seanamhráin - An Chearc agus an Coileach a D'imigh ar Strae”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seán Brún.
(I)
Tán t-Iolar ar luigh a’s ní thig sé choidhche anuas.
Go dtéighidh sé in uaigneas gleannta.
Tá’n t-Iolar ar an chuan comh dubh leis a ghual
Agus a cleiteacha anuas lé fánaidh.
‘M’och, och arsa an chuach a’s é ag craitheadh lé fuacht
Ní fios domh chá h-uair a labhraim.
Is fada liom uaim go bpillfidh Seán Brún.
As go seinim mó Chuainín Samhraidh.
(II)
‘A Chonnacht Uí Dhuachraidhe d’uirdigidh mó súile.
Tá seinim lé cúig thrí-ráithche.
Suid cugaibh go sugach clann file na mBrúnach.
As ag imtheacht as crúba a námhad
Sé deastar na cúigithe clann file na mBrúnach
Fear baile nach n-ólfadh a shláinte.- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Bheirn
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 76
- Seoladh
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall
- An Cearc agus an Coileach a d’imthigh ar Strae.
(I)
Shiubhail siad sin Éire go mbris siad a gcroidhe.
Bhí siad i Sligeach seal tamallt na dhiaidh sin.
Gur chuir siad sin scéala fá dhéin lucht a dlighe
Saoradh i gCill Alaidh iad ag seisiún as ag bench.
Is binne gan chéill a chuireann tú seacht.(leanann ar an chéad leathanach eile)