Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)

Suíomh:
Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
Múinteoirí:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 2

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 2

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Mhálainn Bheag
  2. XML Leathanach 2
  3. XML “An Spáinneach i bhFár Rónach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    D'iarr air a chuid éadaigh a chuir air go tapaidh agus dul leis go dtí'n áit seo. Bhí an oidhche an doinneanta agus ar an adhbhar sin ní rabh an cléireach ro ghonta dul leis, acht níor éithigh sé an sagart. Nuair a bhí siad réidh, agus an capall uaimighthe, d'imthigh siad ar an turus fada uaigneach iargcúlta fríd cnoc, gleann, agus sruthan, thart bruach na n'alt go dtainig siad go dtí bun Shléibh a liag. Suas leobhtha taobh an cruich ard sin ag tarraingt ar bhéal Fhár Ronach. (béal an chladaigh).
    Rith an ama seo bhí an cléireach ag munamar go leath-eaglach ar an turas amaideach a bhí siad ag deánamh go háit comh iargcúlta i lár na h-oidhche. Nuair a thainig siad fhad le Béal Fhar Rónach chulaidh siad an glór caointeach ag sgairtigh amach os cionn tuam na fairrge - glór duine i bpian. Thainig an eagla ar an chléireach anois agus bheir sé gréim ar an tsagart agus thug iarraidh é a thionntadh abaile in aghaidh a aindeona. Thainig an dara uaill aníos ó'n chladach fútha agus d'iarr an sagart ar an chléireach ciall a bheith aige. Sin créatúr bocht eighinteacht i bpian arsa'n sagart agus caithfidh mise dul síos an aill go bhfeicfidh me goide tá air agus cuideadh ar bith a thig liom a tabhairt do a deánamh.
    Nuair a chualaidh an cléireach seo bhíos aige nach rabh gar a bheith leis, agus d'fhág an sagart an cléireach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraic Ó Beirn
    Inscne
    Fireann
    Aois
    74
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall