Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)
- Suíomh:
- Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus síos an aill leis i ndorcadas na hoidhche ag tarraingt ar an áit ina rabh an éagcaoin ag teacht as. Nuair a bhí sé leath-bhealaigh síos fuair sé fear na luighe agus é cóirighthe ineideadh máirnealaigh agus cuma air go rabh sé i bpian iongantach - pian báis. Labhair an sagart leis i nGaedilg agus thug an fear freagra air i dteanga coimhthigheach agus d'aithin an sagart gur Spáinneach a bhí ann. Badh athamhail don strainsear gur thuig an sagart é. Bá ins an Spáinn a fuair an sagart oideachais agus ord beannuighte. (Ní thiocfaidh le sagart ord beannuighthe fhágail i nÉirinn san am).
D'innis sé do cia é fhéin. Dubhairt sé gur máirnealach as an Spáinn a bhí ann, agus gur cailleadh an bad arabh sé air, agus gurab eisean an duine amháin de'n fhuireann a shabhaileadh. Thainic sé isteach fá thír ar an chladach seo agus thug sé iarraidh theacht aníos an aill acht ní rabh sé ábalta a theacht níos fuide nó an áit a bhfuair an Sagart é. Dubhairt sé gur rith sé ar shiubhal ó'n bhaile nuair a bhí sé ceithre blian déag d'aois agus chuaidh ar a bad. D'fhoghluim sé paidir amháin ó na mhathair nuair a bhí sé beag agus cuimhnigh sé i gcomhnuidhe ar an paidir sin agus dubhairt sé í gach uile lá agus bá í an Paidir í "Deágh bás fhághail, agus sagart i lathair a bháis." Chualaidh Dia a phaidir. Thug an Sagart na Sacramaintidhe dó agus d'fhan aige go bhfuair sé bás. Sul ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraic Ó Beirn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 74
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall