Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)
- Suíomh:
- Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 26](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1046%2FCBES_1046_26.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 26
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar an árdan bheag a rabh na gasúraí ag imirt air an lá roimhe sé
Bhí go maith, agus ní rabh go h-olc - an tráthnóna ina dhiaidh seo nuair a bhí sé ag dul thart ag Loch-na-Suithaigh d'amharc sé ins an áit ar fhág sé na stocaí, acht ní rabh siad ann.
Tamall maith ina diaidh seo bhí Net Walker ag aonach i mBaile an Droichid ag díol eallaigh. Badh ghnáthach, ins an am sin le fear-seomra a ghlacadh la sonaigh i dteach tabhairne agus a chuid daoine muintire' a "thréathál".
Nuair a dhíol Net a chuid eallaigh thug sé cuid de a dhaoine muintire inteach go seomra agus fuair "treat" dobhtha. Nuair a bhí siad tamall ag ól 'sa t-seomra fosgladh an doras go tobann agus shiubhail sean-bhean bheag isteach. Bean choimhthigheach a bhí inti agus ar ndóigh shaoil a a rabh 'sa t-seomra gur bean-siubhail a bhí inntí.
Shiubhail sí suas fhad le Net agus arsa sise leis "A Net Walker - a dhuine uasal" nach bhfuigheadhtú treat dain". D'órduigh Net "treat" ar an bhomaite dí.
Tamall beag 'na dhiaidh sin d'imigh siad uilig, acht amhain an tsean-bhean, agus nuair a bhí Net ag dul amach chuir sí ceileabhar cainnte air, agus d'innis dó gurab é a gasúr 'saicí a dtug sé an péire stocaí dó ag "Loch-na-Suithaigh".
"Nuair a rachaidh tú abhaile anois, arsa sise, amharc faoi chloich atá 'sa t-sean ballóg, atá i gcúl a toighe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Mac Niallghuis
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Málainn Mhóir, Co. Dhún na nGall