Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)
- Suíomh:
- Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 27](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1046%2FCBES_1046_27.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 27
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus gheobhaidh tú sparan aigid ann, agus fhad agus fhágfar tú an t-sean ballóg annsin, gan baint leithí bí bhéidh tú a choidhche gan airgead. Éireochaidh an saoghal leat, agus gach rud i rachfaih tú ina chionn béidh tú adhamhail leis, acht an lá a leagas tú an t-sean- bhallóg béidh deireadh leis na "Walkers".
Maith go leór, chuaidh Net Walker abhaile, acht níor innis sé do dhuine ar bith fa'n tseanbhean, acht ón lá sin amach bhí an tsaoghal ag éirigh leis.
Nuair a bhí sé ar leabaidh an báis is cosamhail go rabh a fhear muintire - an t-oighse a bhí le beith iná áit (ní rabh Net posta agus ar an abhar sin ní rabh oighse ar bith aige fhéin) ag deiriughadh thart fan tfoigh - ag déanamh ballaí agus rudaí beaga mar sin, lá amháin bhí sé féin agus oibrighthe eile ag baint na gcloch amach as an t-sean bhallóg seo, agus mar bhí aca le dul tart ag fuinneóig an tseomra ma rabh Net ina luighe ann, Chonaic se iad ag iomchuis na gcloch. Shnamh sé amach ar an leabhaidh, inneóin, gur dhoiligh dó seo ag déanamh agus é comh cnápailta leig sé anuas an fuinneóg, agus sgairt sé bóbhta.
D'fiafruigh sé dobhtha cia'n áit a rabh siadag fághail na gloch. D'innis siad dó, agus thug sé ordughadh gach cloch a fhágail anois ins an áit cheadha ar baineadh as iad.
Bliadhnta 'na diaidh seo bhí fear de na "Walkers" agus a bhean 'na gcomhnuidhe ins an áit(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Mac Niallghuis
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Málainn Mhóir, Co. Dhún na nGall