Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)

Suíomh:
Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
Múinteoirí:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 61

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 61

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Mhálainn Bheag
  2. XML Leathanach 61
  3. XML “An Táilliúr Siúil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus san am cheadna bhí a mhathair agus a dheárbhrathar go pléisiúrdha ag caitheamh a n-ama, acht bhí go maith ‘s ní rabh go h-olc, chuaidh na bliadhanta thart ar an dóigh sin go rabh ceathrar de mhuirghin aige. Bhí sé seacht mbliadhna posta fa’n am seo agus bíodh fhios agat go rabh se “Fabhairthighe” go leór. Ach trathnóna amhain nuair a bhí sé fhéin agus a bhean agus a “bhigil” beag páistidhe ‘na suidhe ‘cois na teineadh agus iad ag coimhead pota beag a bhí crochta air, agus gan greim bidh idir iad fhein agus Dia acht an méid a bhí istoigh sa phota, agus a rab ‘cur buadhrtha ar an t-saoghal ortha acht goidé’n dóigh a bhfuigheadh siad a mbricfeasta. -Buaileadh an doras. D’eirigh fear an toighe agus síos leis le é ‘fosgladh agus nuair a d’fosgail sé é tcídh sé fear siubhail ‘na sheasamh ar leic an dorais.
    “Go mbeannuigh Dia duit” arsa fear an toighe. “Go mbeannuigh an fear ceadna dhuit” arsa’n fear bocht. “Thainig mé go bhfeicfinn a gcongbhochfá go maidin mé. “Bhal! Tá mé an buadhrtha” arsa fear an toighe. “Níl dóigh ró mhait orm fein ní amhain duine coimhthigheach a chongbhailt”. Nach bhfeiceann tú fein arsa seisean nach bhfuil cathaoir again le suidhe air acht an súisteog sin. Níl table again acht bocsa sin agus níl leabaidh again acht na trí sráideóg sin i dtaoibh an toighe. Níl greim le h-ithe again acht an méid áta ‘sa phota bheag crochta ar an teinidh.
    “Bhal! congbhuigh suas do chroidhe arsa’n fear siubhail. “Is neise cabhair Dé na an doras”
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1536A: The Woman in the Chest
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Cathal Ó Cuinneagáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    53
    Seoladh
    Málainn Mhóir, Co. Dhún na nGall