School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)
- Location:
- Málainn Bhig, Co. Donegal
- Teachers: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
![The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 61](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1046%2FCBES_1046_61.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 61
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Mhálainn Bheag
- XML Page 61
- XML “An Táilliúr Siúil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus san am cheadna bhí a mhathair agus a dheárbhrathar go pléisiúrdha ag caitheamh a n-ama, acht bhí go maith ‘s ní rabh go h-olc, chuaidh na bliadhanta thart ar an dóigh sin go rabh ceathrar de mhuirghin aige. Bhí sé seacht mbliadhna posta fa’n am seo agus bíodh fhios agat go rabh se “Fabhairthighe” go leór. Ach trathnóna amhain nuair a bhí sé fhéin agus a bhean agus a “bhigil” beag páistidhe ‘na suidhe ‘cois na teineadh agus iad ag coimhead pota beag a bhí crochta air, agus gan greim bidh idir iad fhein agus Dia acht an méid a bhí istoigh sa phota, agus a rab ‘cur buadhrtha ar an t-saoghal ortha acht goidé’n dóigh a bhfuigheadh siad a mbricfeasta. -Buaileadh an doras. D’eirigh fear an toighe agus síos leis le é ‘fosgladh agus nuair a d’fosgail sé é tcídh sé fear siubhail ‘na sheasamh ar leic an dorais.
“Go mbeannuigh Dia duit” arsa fear an toighe. “Go mbeannuigh an fear ceadna dhuit” arsa’n fear bocht. “Thainig mé go bhfeicfinn a gcongbhochfá go maidin mé. “Bhal! Tá mé an buadhrtha” arsa fear an toighe. “Níl dóigh ró mhait orm fein ní amhain duine coimhthigheach a chongbhailt”. Nach bhfeiceann tú fein arsa seisean nach bhfuil cathaoir again le suidhe air acht an súisteog sin. Níl table again acht bocsa sin agus níl leabaidh again acht na trí sráideóg sin i dtaoibh an toighe. Níl greim le h-ithe again acht an méid áta ‘sa phota bheag crochta ar an teinidh.
“Bhal! congbhuigh suas do chroidhe arsa’n fear siubhail. “Is neise cabhair Dé na an doras”(continues on next page)- Informant
- Cathal Ó Cuinneagáin
- Gender
- Male
- Age
- 53
- Address
- Málainn Mhóir, Co. Donegal