Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)

Suíomh:
Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
Múinteoirí:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 86

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 86

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Mhálainn Bheag
  2. XML Leathanach 86
  3. XML “An Mhuc Allta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí triúr cailín ann fad ó shoin - triúr deirbhshiúr a bhí ionnta agus bhí fear amhain ag brath ar an triúir. Phós sé an bhean ba óige aca, agus bhí éad an domhain ar an bheirt eile. Ba é cuid de ghnaithe an fir seo a bheith ar siubhal thar saile tamall gach bliadhain.
    Nuair a bhí sé bliadhain pósta rugadh mac óg do mhnaoí acht bhí seisean ar shiubhal san am, agus bhí deirbhsiúr a mhnaoí s ‘sa teach a tabhairt aired dí. Nuair a rugadh an leanbh chuir an deirbhshiúr, bhfolach an leanbh agus d’innis do’n bhean gur pisín cait a bhí ann. Chuir seo an bhrón ar an chréathur, agus ní rabh sí ábalta éirigh as a leabaidh le buaidhreadh.
    Bhí muc alt ‘na comhnuidhe ‘san ált comhgarach dó’n áit seo, agus thug deirbhsiúr an mnaoí an leanbh dí le h-oileamhain. D’oil an mhuc alt an leanbh
    Bhí go maith agus ní rabh go h-olc. Nuair a thainig an fear abhaile d’fiafruigh sé ca rabh an leanbh agus d’innis deirbhshiúr a mhnaoí dó gur pisín cait a rugadh dó. Thainig an fhearg ar an fhear agus droch-mheas le na mnaoí fhéin.
    D’imthigh sé le na ghnaithe an darna bliadhain agus rugadh mac eile dó nuair a bhí sé ar shiubhal. Thug an deirbhsiúr an leanbh leithi annsoir an mhuc alt agus d’oil an muc-alt an dara leanbh fosta. Nuair a chonnaic a bhean fhéin goidé mar bhí, bhí sí i bhfad níos brónaigh agus thosaigh sí a mheath le bhuaidhreadh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0707: The Three Golden Sons
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire (Seán) Ó Beirn
    Inscne
    Baineann
    Aois
    54
    Seoladh
    Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall