Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)

Suíomh:
Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
Múinteoirí:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 87

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 87

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Mhálainn Bheag
  2. XML Leathanach 87
  3. XML “An Mhuc Allta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ní rabh sí ábalta éirigh as a leabaidh le tinneas croidhe. Thainig an fear abhaile agus nuair a d’innis an deirbhsiúr an scéal bréagach dó bhí dá oiread feirge air an t-am seo.
    D’imthigh sé arias agus an tríomhadh bliadhain rugadh nighean dó mhnaoí. Thug an deirbhsiúr leithe an leanbh mar rinne sí leis an beirt pháistidhe eile agus thug dón mhuc ált í agus d’oil sí an giorsach fosta.
    Nuair a thainig an fear abhaile an tríomhadh uair agus d’innis an deirbhsiúr dó gur pisín cait a rugadh dó bhí oiread feirge air an t-am seo gur dhubhairt sé go ndíbreachad sé a bhean o’n teach.
    Chuir sé leabaidh shíos i silear faoí’n urlar agus d’fág í annsin. Bhí an créatúr bocht buadhrtha brónach annsin.
    Phos sé a deirbhshiúr annsin. Bhí go maith agus ní rabh go h-olc. Bhí buachaill bó aca, agus lá amhain nuair a bhí sé ag buachailleacht comhgarach dó’n fhairrge chonnaic sé an dá ghasúr agus giorsach ba deise a chonnaic sé ariamh, ag imirt ar an tráigh. Bhí dhá “necklace” óir ar an dá ghasúr agus necklace airgid ar an ghiorrsach. D’innis sé an scéal nuair a thainig sé abhaile. “Caithfidh mé ghabhail go bhfeicfidh mé iad arsa’n fear”. Cá mbéidhfa ghabhail arsa ‘bhean. Spriog rud éighin í gurab iad na páistidhe a bhí ann.
    Lathar na bharach chonnaic an buachaill bó arias iad agus d’innis an scéal nuair a thainig sé abhaile.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0707: The Three Golden Sons
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire (Seán) Ó Beirn
    Inscne
    Baineann
    Aois
    54
    Seoladh
    Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall