School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)
- Location:
- Málainn Bhig, Co. Donegal
- Teachers: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Mhálainn Bheag
- XML Page 94
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mór aca i n'uisce an tobair. Níl sé ráidthe gur chaith sé tamall ar bith annsin. Bhí sé ar a bhealach a bhaile san am. Tá scéal beag ag baint leis an turas ar an oilean seo agus tharlaidh sé taobh istigh de thrí scór bliadan. Tá sé mar a leanas:-Bhí fear soluis Gallda ar an oilean 'san am, agus níor chreid sé i mbrigh an turais beannuithe seo. Bhí an fear gallda seo lá amhain ag obair fan turas agus fear Gaedhealach as Málainnbeag dar b'ainm Paidí John Mhóir ag cuidiú leis. Chuaid siad a thochailt cloch thart fan turas agus dubairt Paidí nar cheart dó baint leis na clochaibh. Ní éisteochadh sé leis. Nuair a bhí siad tamall ag obair thóg Paidí a cheann agus ar sé. " Teidhim bád "Briney" ag tarraingt ar an oilean " ( Bá í Briney an fear a tigead 'un oilean le biadh amsoir le fir soluis) nó mar deir bunadh an bhaile - "Bhí sé ag rachaid an phosta"Níorbh é seo "lá an bháid" agus saoil an "Fear Soluis" go rabh rud éigin contrailte nuair a bhí an bád ag teacht gan gnaithe. D'fág sé a chuid oibre agus chuaid 'un aireacais an bháid gus Paidí leis, acht ní rabh bád ar bith le feiceal nuair a chuaid siad go dtín (?) "scolp".Thainig siad arais agus bíodh fhios agat go rabh iongantas ortha, nuair a chonnaic siad go rabh gach cloch a thog siad as an Turas ina áit fhéin arais. Ó'n lá sin amach chreid an Fear Gallda 'sa Turas.
Ainm an Seanachaidhe:-Máire Ní Bheirn,
Málainnbheag,
Co. Dhúin na nGall
Aois - 73 bliainEanair 1939- Informant
- Máire Ní Bheirn
- Gender
- Female
- Age
- 73
- Address
- Málainn Bhig, Co. Donegal