School: An Charraig (roll number 13946)

Location:
An Charraig, Co. Donegal
Teacher:
S. Ó Beirn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 529

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 529

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Charraig
  2. XML Page 529
  3. XML “Scéal - An Bhean Ghlas”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bhóithig, agus nuair a bhí an dinneár ithte ag an gasúr bhí an boitheach cartuighthe aici. D'iarr sí air a bheith ag spaisteóracht thart nuair a thiocfadh an fathach mór 'un a bhaile, agus nuair a d'fhiafróchadh sé, "an rinne tú an gnaithe sin", a rádh go dtearn. Rinne seisean mar h-iarradh air. "Maise," arsa an fathach is tú an buachaill is feárr a casadh orm aríamh. Nuair a d'éirigh an fathach an maidín lá ar na bhárach, d'iarr sé ar an bhuachaill éirghe fosta, agus dubhairt sé leis an buachaill go rabh coill thiar annsin aige nár geárradh aon crann amháin astoigh inntí ar feadh seacht mbliadhna agus mura mbéadh sé leagtha 'un talaimh sul a dtiocfadh seisean, go gcaillfeadh sé a cheann. D'imthigh an fathach, nuair a chuaidh an Bhean Glas amach leis a dhinnear, cha rabh leagtha go dtí an talaimh, ach ná trí crann is lugha sa choill. Tharraing seise annsin tuagh bhriste bhearnach amach as faoi a naprún. Bhuail sé buille thall agus buille i bhfos, nuair a bhí an dinneár ithte ag an gasúr bhí an coilleadh leagtha aici. D'iarr sí air a bheith ag spaisteóracht thart nuair a thiocfadh an fathach 'un a bhaile, agus nuair a d'fhiafróchadh an fathach an dtearn sé an gnaithe a rádh to dtearn. Rinne seisean sin, agus dubhairt an fathach, "Is tú an buachaill is feárr a casadh orm ariamh," d'éirigh an fathach an lá ar na bhárach, agus d'iarr sé ar an bhuachaill éirghe fosta, dubhairt sé leis go rabh sgiobal aige nach dteachaidh acht aon tuighe amháin air le seacht mbliadhnaibh, agus go gcaithfeadh sé tuighe bheith air
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0313: The Girl as Helper
    Language
    Irish
    Collector
    S. Ó Beirn
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    An Charraig, Co. Donegal
    Informant
    Seán Ó Dóchartaigh
    Gender
    Male
    Age
    47
    Occupation
    Fear poist
    Address
    An Charraig, Co. Donegal