School: An Charraig (roll number 13946)

Location:
An Charraig, Co. Donegal
Teacher:
S. Ó Beirn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 530

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 530

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Charraig
  2. XML Page 530
  3. XML “Scéal - An Bhean Ghlas”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    theacht 'un a bhaile dó-san le cleiteachaibh as a'n éin 'san aer, agus gan dhá cleite a bhaint as éan amháin. Nuair a chuaidh an Bhean Ghlas amach ní rabh marbh aige acht an spideóg agus an dreolán. D'iarr sí air teacht chuig a dhinneár. Dubhairt sé léithe nach n-íosfadh sé biadh ar bith no go gcaillfeadh sé a cheann. Sa deireadh tháinig sé go dtí a dhinneár. Shéid an Bean Glas fideóg agus nuair a bhí an dinneár ithte aige, bhí an tuighe ar sgiobal le cleite as' ach an éan 'san aer. Bhí an tráthnóna fliuch inadhiaidh sin, agus bhí sé ag spaisteóracht thart roimhe an fhathach mór. D'fhiafruigh an fathach nuair a tháinig sé, an dtearn sé an gnaithe sin, agus dubhairt seisean go dtearn. Dubhairt an fathach leis annsin, "Is tú an buachaill is feárr a casadh orm aríamh Chuaidh an fathach isteach 'un an toighe annsin, agus d'fhiafruigh sé de'n Mnaoi Ghlas cad chuigean a rabh an braitlín amuigh ar an charraig sin thall. Dubhairt sí leis gur shíl sí gurab é sin an áit a rabh a chroidhe, agus go bhfliuchfaidhe é. Dubhairt sé léithe narbhé sin an áit a rabh a chroidhe, acht san chrann atá ag fás os coinne an dorais, agus go rabh réithe istoigh i gcroidhe an chrann, agus lacha istoigh i gcroidhe an réithe, agus uibh istoigh i gcroidhe na lachán agus croidhe an fhathaigh istoigh san uibh. Nuair a fuair siad an fathach ar shiubhail, gheárr siad an crann agus mharbh siad an réithe. Nuair a d'fhosgail siad é, d'imthigh an lacha ar éiteóig, agus sgaoil siad é, annsin bhain siad an uibh as an lachán agus d'imthigh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0313: The Girl as Helper
    Language
    Irish
    Collector
    S. Ó Beirn
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    An Charraig, Co. Donegal
    Informant
    Seán Ó Dóchartaigh
    Gender
    Male
    Age
    47
    Occupation
    Fear poist
    Address
    An Charraig, Co. Donegal