Scoil: An Tulach Mór (uimhir rolla 6293)

Suíomh:
Tully More, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire, Bean Uí Bhrisleáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1048, Leathanach 70

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1048, Leathanach 70

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach Mór
  2. XML Leathanach 70
  3. XML “Labhraidh Luirc”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dhá cluais agus ruball fada. Bhí sé ag éirigh níos claoidhthe agus níos breoite achan lá agus shonnruigh an mhathair go rabh sé ag meath ar siubhal agus dubhairt sí go gcaithfidh sé dhul go dtí an doctúir. Chuaidh sé fhad le cupla doctúra acht ní rabh gar ann. Bhí an sgeal ceadna ag gach duine aca.
    Indhiaidh tamaill eile chuaidh sé go dtí doctúir i bhfeárr clú i Londáin agus nuair a d’amharc sé air, dubhairt sé “Ni tinneas colna atá ort acht tinneas inntine.
    Ta rún agat agus ní thig leat innsint. Sin é an fádh a bhfuil tú ag meath”. Bhí an doctúir ag smaothúghadh air feadh tamaill agus annsin dubhairt sé “Inniseochaidh mé duit an rud a dheanas tú. Gabh amach ‘na coilleadh fágh crann agus dean poll ann agus innis do sgeal do’n crann.
    Chuaidh an fear bocht amach agus fuair sé crann mór deas agus chuir a cheann isteach agus d’innis sé an rún do’n crann. Thainig sé abhaile agus thug an mhathair fa dear go rabh biseach air.
    Tamall indhiaidh sin bhí cruinnuighadh mór le bheith san Chaislean agus chuir an Rí a [chuid]? Fear amach go dtí’n choill ag gearradh adhmaid fa choinne clearsaigh nua a dheanamh do. Ghearr siad anuas an crann ceadna a d’inniseadh an rún dó.
    Leagadh an crann- tugadh an crann abhaile - briseadh suas in a giotaí é agus rinnead clearsach deas de.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0782: Midas and the Ass's Ears
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Bean Uí Bhresleáin
    Inscne
    Baineann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Ignatius Murray
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Seoladh
    Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall