Scoil: Mín an Bhealaigh (uimhir rolla 15229)

Suíomh:
Mín an Bhealaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Niallghuis
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 103

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 103

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Bhealaigh
  2. XML Leathanach 103
  3. XML “Scéal Eile fá Thaibhse”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fuais siad ? fios gur mharbh sé é féin i mBaile Cliath an oidhche ceadna.
    Bhí sgaifte fear ag baint luachra oidhche gheal amháin tamall i ndiaidh sin. Ní raibh cead aca luachair ar bith a bhaint san lá. Bhí cárán maith luachra geartha acu agus iad uilig ina luighe i gcrap amháin. Chualaidh siad fuaim éigin agus nuair a d'amharc siad thart chonnaic siad an bodach ceudna agus hata móra árd air. Bhí sé 'na sheasamh ar árdan, agus é ag stánadh orra go gear. Chaith siad uilig ar shiubhal na speala a bhí aca agus rith siad.
    Nuair a bhí siad giota beag ar shiubhal tháinig seidean gaoithe móire agus sgabadh an luachair ó shoin. Bhí sé le feiceáil thart fan tigh. Ach níl iomradh ar bith air anois le seal tamaill.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Peadar Ó Baoighill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Mín na Coilleadh, Co. Dhún na nGall