Scoil: Mullanmore (uimhir rolla 1734)
- Suíomh:
- An Mullán Mór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seosamh Ó Coilín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a bhí siad ag tionntadh a bhaile dubhairt Aodh Ó Baoghaill leis an Donnan. "Ní bhfuighidh mise aon ghréim no deoch nach bhfuighidh tusa leath de". Agus anuas an t-Éadan Anfaidh bhí lá an te ann. Chuaidh Aodh Ó Baoghaill agus an Donnan isteach i dteach go bhfuigheadh siad deoch. D'iarr Aodh Ó Baoghaill deoch. Fuair sé gagan bainne mhilis. Thóg sé an gogan agus d'ól sé é "tchím" arsa 'n Donnan "gur goirid a choinnigheann tú suas le do ghealltanas". "O gheobhaidh tusa ceann eile" arsa Aodh Ó Baoghaill "Ní h-é sin do ghealltanas" arsa an Donnan " tá mise réidh leat. "bhfeicfidh mé aráis tú" arsa Aodh Ó Baoghaill. Ní thiocfaidh mise aráis go dtí an lá a bhriseas Binn Chritin arsa an Donnan go dtí go rabh an tír teann leis na Gaedhil. Beidh mise annsin an lá sin. Sin an rud a bhaist Bealach na gCreach ar Bhealach na gCreach go dtí an lá atá indiu ann.Séamus Ó Gallchobhair,
Árd Donn,
Na Gleanntaí- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- An tArd Donn, Co. Dhún na nGall