Scoil: Mullanmore (uimhir rolla 1734)
- Suíomh:
- An Mullán Mór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seosamh Ó Coilín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na luighe san t-seomra agus é gabhail suas agus luighe leobhtha. Chuaidh sé isteach na seomra agus luighe sé ar cholbha na leabtha leis na gasúraí. Ní rabh sé i bhfad na luighe go dtáinig fear isteach na ceisteanna. Cé a bhí ann acht fear an toighe, an fear ceadhna a thug leis beach an eallaigh ón pháirc a rabh an gasúr ann i dtús na h-oidhche. Agus sé an rud a bhí beach an eallaigh goidthe aige. A deir bean an toighe leis tá eagla orm go bhfuil do shaith deanta agat anocht. Tháinig gasúr beag annseo anocht agus bhí cuma an tuirseach air. Agus tá sé na luighe ins an t-seomra leis na gasúraí, agus ní féidir go mbéidh sé gha do choimhead ag tabhairt leat an bheach sin. "Is goirid go gcuirraidh mise deireadh leis arsan fear." Faigh rasúr damh agus gearraidh mise a sgeadaman, "na gearr go fóill" arsa sise. Tabhair leat coinneail agus amharc an bhfuil sé na chodladh, b'fheidir nach rabh sé da choimhead ma dubhairt sé liomsa go rabh sé ag gabhail go h-aonach an tSrath Bhán imbárach. Thug an fear leis an coinneail agus chuaidh sé isteach na tseomra. Bhí an gasúr ag leigeaint air go rabh sé na chodladh. Tháinig an fear amach arais agus dubhairt sé leis an bhean gur b'fhearr leigint do na go bhfuil chuma an tuirseach air. Acht rinne sé smaointeadh eile gur b'fhearr do deireadh a chur leis. Is fearr duit an rasúr a thabhairt damh go gasta. Bhí an gasúr ag éisteacht leis an chomharádh seo agus d'éirigh sé go socair agus luigh sé thall ag an bhalla agus bhruigh sé aniar na gaisrí eile. Isteach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Bhaoighil
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 54
- Seoladh
- An Mullán Mór, Co. Dhún na nGall