Scoil: Mullanmore (uimhir rolla 1734)
- Suíomh:
- An Mullán Mór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seosamh Ó Coilín
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 239](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1050%2FCBES_1050_239.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 239
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leis an fhear na t-seomra agus an rasúr leis. Ní rabh solas ar bith leis an t-am seo agus tharraing sé an rasúr thart ar mhuineal a mhic fhéin. Nuair a tháinig an fear amach as an t-seomra arais. Dubhairt a bhean leis go rabh eagla uirthí gur chuir sé a lámh i dtrioblóid na b'fhéidir na rabh dochar ar bith leis an ghasúr sin. "Rinne mise an tapaidh is fearr" arsan fear. Fá dheireadh stad an chomhorádh agus d'éirigh an gasúr chomh socair agus thiocfadh leis agus d'amharc sé amach ar dhoras an t-seomra. Bhí an fear na luigh ar an urlár ar an taobh thall de'n teinidh agus an bhean na luighe ar an taobh eile agus iad na gcodladh. Nuair a chonnaic an gasúr seo tugadh sé iarraidh amach, ní rabh colbha ar bith ar an chisteannaigh acht dhá chliabh. Leim sé thar mhullach na gcliabh agus caidé thuit acht na cléibh agus caitheamh an gasúr amach ar an t-sráid. Shíl sé nach bhfuigheadh sé a sheasamh a choidhche go mbeadh greim aca air. Acht leim sé na sheasamh agus d'imthigh sé gan triobloid ar bith. D'imthigh sé leis piosa fada agus sa deireadh tharraing sé ar theach beag ar thaobh an bhealaigh mhóir. Chuaidh sé isteach agus ní rabh duine ar bith istoigh. Bhí cliabh i lár an urlair agus é lán lín. Thóg sé amach dornan de'n lín agus chuaidh sé isteach ins an chliabh, agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Bhaoighil
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 54
- Seoladh
- An Mullán Mór, Co. Dhún na nGall